D’imigh sé go oileán Skye ansin. Cuntas maith ar a am ag obair ansin, ní raibh mórán eile ann, ní raibh áit ar bith le dhul oíche Shatharn, ní raibh teach leanna ar bith acu. Dhéanadh siad arán agus préataí a nigh don Domhnach ar an oíche Shatharn. Ní raibh girseacha ar bith le feiceáil amuigh i ndiaidh am Aifrinn.
Bhí sé ag obair ag feirmeoir ansin agus bhí se iontach maith do. Ag amharc i ndiaidh na gcaorach a bhí sé, bliain an tsneachta mhóir a bhí ann, ó Shamhain go Lá ‘le Pádraig. Tháinig sé na bhaile tamall agus bhí sé ag déanamh obair cheilpe ach d’imigh sé arís. | 00:08:10 | |